Matthew 14:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na áithne don phubal suidhe air an bhféur, agus ar nglacadh ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féachain súas air neamh, do bheannaigh sé, agus ar ná mbriseadh, tug sé ná harain do ná deiscioblaibh, agus tugadar ná deisciobail don tslúagh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼordaigh sé ansin do na sluaite suí fúthu ar an bhféar; agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼfhéach suas ar neamh, agus bheannaigh na builiní agus roinn i ranna iad gur thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.