Matthew 14:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an mhuinntir do bhí ag ithe do bhádar a dtimcheall chúig mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ba é méid na ndaoine do bhí ag ithe, tuairim le cúig míle fear, seachas mná agus leanbhaí.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an méid a dʼith an bia bhí siad cúig mhíle fear ann gan na mná ná na páistí a chur san áireamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.