Matthew 14:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus air ball do chuir Iósa dfhiachaibh ar a dheisciobluibh dul a luing, agus dul roimhe féin don táoibh oile, no go léigeadh sé an pubal úadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar na deisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe go dtí an taobh thall, nó go gcuirfeadh sé na sluaighte chum bealaigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug sé ansin ar na deisceabail dul ar an mbád agus seoladh anonn go dtí an taobh eile, a fhad agus bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir sé d' fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.