Matthew 14:26 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: «Taibhse atá ann!» ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.