Matthew 14:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean, Tar. Agus tháinig Peadar anuas as an mbád, agus do shiubhail sé ar bhárr an uisce ag teacht chum Íosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Tar”, ar seisean leis. Dʼéirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa: «Tar! Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa.