Matthew 14:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thug a máthair an leid di ansin, go ndúirt sí, “Tabhair chugam anseo ceann Eoin Bhaiste ar thrinsiúr.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: «Tabhair dom anseo ar mhias,» ar sise, «ceann Eoin Baiste.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo, áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.”