Matthew 15:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, tháinic bean do Chánaan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si, ag rádh ris, Déana trócaire oram, a Thighearna, a mhic Daibhí; a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd an bhean Chánáníteach as an dúiche úd a tháinig amach agus a ghlaoigh, “Déan trócaire orm, a Thiarna, a Mhic Dháibhí; tá deamhan dian i gcorp mʼiníne.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: «Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhic Dháiví,» ar sise, «tá iníon agam agus í á crá go géar ag deamhan.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí bean Chanánach a tháinig amach as na críocha sin agus thosaigh sí ag glaoch os ard: “Déan trócaire orm, a Thiarna, a mhac Dháiví,” ar sise, “tá iníon agam agus í dá crá go géar ag deamhan.”