Matthew 15:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt sé, A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghlaodh Iosa chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé, Atá truagh agam do’n tsluagh, óir atá siad im’ fhochair le trí lá anóis, agus gan éinnidh le n’ithe aca: agus níor mhaith liom iad do chur uaim ’n‐a dtroscadh, ar eagla go dtuitfidís ar an slighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige go ndúirt sé leo, “Tá trua agam don slua, mar tá siad na trí lá seo i mo chuideachta, agus gan bia le caitheamh acu; agus tá leisce orm á gcur uaim agus ocras orthu, ar eagla go dtite siad i laige ar an tslí.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: «Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.”