Matthew 16:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, achd ar theagasc na Bhphairisineach, agus na Saduichineach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do thuigeadar annsin nárbh é laibhín an aráin adubhairt sé leo a sheachaint, acht teagasc na bhFairisíneach agus na Saddúicíneach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thuig siad ansin nach raibh sé ag rá leo laibhín an aráin a sheachaint, ach teagasc na bhFairiséach agus na Sadúcéach a sheachaint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thuig siad ansin narbh í gabháil an aráin a dúirt sé a bhí le seachaint acu, ach teagasc na bhFairisíneach agus na Sadúcach.