Matthew 16:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreaga dhósan a dubhairt sé ríu, An tráth thig deireadh an láoi, a deartháoi, Bíaidh sé na shoininn: óir a tá an taiér dearg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé leo, Nuair bhíos an tráthnóna ann, deir sibh, Béidh soineann ann: óir atá an spéir dearg.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é a fhreagra orthu, “Nuair a bhíos an tráthnóna ann, is é a deir sibh, ‘Beidh an aimsir maith, mar tá an spéir dearg.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: 'Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg';
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Nuair a bhíonn an tráthnóna ann deir sibh: ‘Tá aimsir bhreá air: tá an spéir dearg’;