Matthew 16:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ó’n am sin amach do thosnuigh Íosa ar a mhíniú d’á dheisceablaibh gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’fhulang ó na seanóiribh, agus ó na h‐árd‐shagartaibh, agus ó na scríobhaidhthibh, agus go gcuirfidhe é chum báis, agus go n‐aiséireochadh sé an tríomhadh lá.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ón am sin amach thosaigh Íosa ar a nochtadh dá dheisceabail go gcaithfeadh sé dul go hlarúsailéim agus a liacht a bhí le fulaingt aige ó na seanóirí agus na hardsagairt agus na scríobhaithe, agus bheith á chur chun báis, agus bheith á thógáil an tríú lá.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An Chros agus an Choróin
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa dá thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go hIarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.