Matthew 16:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’iompuigh seisean, agus adubhairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Shátain: atáir‐se id’ cheap tuisle dhom: óir ní fhuil do dhearcadh ar a mbaineann le Dia, acht ar a mbaineann le daoinibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is é rud, thiontaigh sé thart timpeall agus ar seisean le Peadar, “Gabh ar gcúl uaim, a Shátain! Tá tú i do dhris chosáin dom; mar ní thaobhaíonn tú le Dia, ach le daoine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach d' iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: «Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d' aigne ach smaointe daoine.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dʼiompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! Is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.”