Matthew 17:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A Thighearna, déana trocaire ar mo mhac: oi bhídh sé tinn lé goin an ré agus is mor dolc fhuilngeas sé: óir tuitidh sé a dteinidh go minic, agus a nuisge go minic.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A Thighearna, déan trócaire ar mo mhach: óir atá an galar tuitimeach air, agus atá sé go h‐an‐dona: óir tuiteann sé isteach sa teinidh go minic, agus san uisce go minic.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“A Thiarna, bíodh trócaire agat ar mo mhac, mar bíonn an titimeas ag cur pianta troma air; mar is minic dó titim sa tine nó san uisce.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt: «A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin;