Matthew 17:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa riú, Ar son bhur míchreidimh: oir a deirim ribh go fírinneach, Dá mbeith oiread re gráinne musdaird do chreideamh agaibh, a déartháoi ris an slíabh so, Athruigh as so ann súd a nunn; agus athrrochuidh sé; agus ní bhía ní ar bith nach budh éidir libh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar seisean leo, “As siocair bhur ndíchreidimh. Mar deirim go fírinneach libh, má bhíonn oiread gráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an sliabh seo, ‘Bog anonn as seo,’ agus bogfaidh sé; agus níl ní nach mbeidh indéanta agaibh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: 'Aistrigh as seo anonn', agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh. (