Matthew 17:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd dhóibh go Capernáum, tangadar luchd na cióschána do ghlacadh go Peadar, agus a dubhradar, Nach íocann bhur maighisdirsi an cióscháin?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair thángadar go Cafarnaúm, tháinig lucht na cíos‐chánach do ghlacadh chum Peadair, agus adubhradar, Nach n‐íocann do mháighistir‐se an chíos‐cháin?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig siad go Caparnáum, chuaigh lucht bailithe cíos an leith-shecel chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Nach n‑íocann bhur nOide an cíos?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: «Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?» ar siad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar theacht isteach i gCafarnáúm dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad.