Matthew 17:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deir seisean, Iócuidh. Agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, do labhair Iósa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman cios nó cánáchas? an ó ná gcloinn féin, nó ó choimhthighe?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt seisean, Íocann. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh do labhair Íosa leisean ar dtús, g‐á rádh, Cad é do bharamhail‐se dhe, a Shíomóin? righthe na talmhan, cé uatha an nglacann siad cíos nó cáin? ó n‐a gclainn féin, nó ó choimhightheachaibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Íocann,” ar seisean. Agus nuair a tháinig sé abhaile bhí an tús ag Íosa air ag labhairt leis faoi, mar dúirt sé leis, “Cad é do mheas, a Shíomóin? Cé hiad siúd a mbaineann ríthe an talaimh cíos nó cáin astu? As a gclann féin nó as coimhthígh?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Íocann,» ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: «Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin an óna gclann féin nó ó choimhthígh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de dá rá leis: “Do bharúilse, a Shíomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin–an óna gclann féin nó ó choimhthígh?”