Matthew 17:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra do Pheadar, a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith ann so: mas áil leachd, déanam trí botha ann so; both dhuitsi, both so Mháoisi, agus both Delías.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, is maith dhúinn bheith annso: má’s áil leat‐sa é, déanaimís annso trí botha, both dhuit‐se, both do Mhaois, agus both d’Élias.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus arsa Peadar le hÍosa, “A Thiarna, is maith mar tharla dúinn bheith anseo; más é do thoil é, déanfaidh mé trí bhoth anseo, both duitse agus both do Mhaois agus both dʼElía.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair Peadar: «A Thiarna,» ar seisean le hÍosa, «is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d' Éilias.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar a tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bhoth san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias.”