Matthew 17:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Suil do sguir seisean do labhairt, féuch, do theilg néull soillseach sgáile orrtha: agus feuch táinic guth as an néull, ag rádh, Ag so an Mac grádhach úd agamsa, an a bhfuil mo thoil mhaithe; Eisdigh ris.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní raibh an focal as a bhéal, nuair bʼshiúd néal solasta os a gcionn, agus an glór amach as an néal a dúirt, “Is é seo mo Mhac ionúin, a bhfuil mo dhea-thoil ann; éistigí leis-sean.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: «Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”