Matthew 18:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Créad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus má théid caora dhíobh ar seachrán, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid, agus nach n‐imthigheann sé ar na sléibhtibh ar lorg an chinn do chuaidh ar seachrán?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cad é bhur mbarúil? Má bhíonn fear ann agus céad caora aige, agus caora acu i ndiaidh dul ar seachrán, nach bhfágann sé an nócha is naoi gcaora ina dhiaidh, agus nach dtéann sé ag cuardach na caorach seachráin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?