Matthew 18:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus má fhaigheann sé í, go fírinneach insím daoibh gur mó a lúcháir fúithi ná a lúcháir faoina nócha a naoi nach ndeachaigh ar seachrán uaidh riamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú.