Matthew 18:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ma dhíultann sé iádsan déisdeachd, innis do neagluis: agus ma dhíultann sé a neagluis déisdeachd, bíodh meas pagánuigh agus puibliocáin agad air.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leis an eaglais, bíodh sé ’n‐a Phágánach agus ’n‐a phoibleacán agat.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má dhiúltaíonn sé éisteacht leosan, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn sé éisteacht leis an eaglais féin, bíódh sé agat mar Ghintlí nó mar bhailitheoir cánacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d' fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ach mura n-éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí dʼfhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.