Matthew 18:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus má bheir do shúil adbhar oilbhéime dhuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, n dhá shuil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus má bheir do shúil adhbhar scannail duit, srac amach í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐shúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus thú chaitheamh i n‐ifreann na teineadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus más ábhar peaca duit do shúil pioc amach agus caith uait í; is fearr duit dul isteach go tír na mbeo ar aon súil ná do chaitheamh i dtinte ifrinn le dhá shúil i do cheann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine ifrinn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus más siocair pheaca duit do shúil, srac amach í agus caith uait í: is fearr duit a bheith ar leathshúil ag dul isteach sa bheatha ná an dá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh i dtine Ifrinn.