Matthew 19:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tugadh chuige an tráthsin leinibh beagam, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deisciobuil íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin tugadh chuige leanbhaí beaga, chum go gcuirfeadh sé a lámha ortha, agus go nguidhfeadh sé ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugadh leanaí chuige ansin ionas go leagfadh sé a lámha orthu, agus go ndéanfadh sé guí. Chros na deisceabail ar na daoine sin a dhéanamh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tugadh leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu.