Matthew 19:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Íosa, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa, agus ná cuiridh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht na bhflaitheas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa: «Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo Ríocht na bhflaitheas.”