Matthew 19:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: «A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeidh an bheatha shíoraí agam?”