Matthew 19:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.