Matthew 19:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus gidh bé neach do thréig tighthe, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó bean, nó clan, nó dúthuidh ar son manmasa, do gheabha sé a chead oirid, agus an bheatha mharthanach mar oidhreachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus duine ar bith a d' fhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar m' ainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus duine ar bith a dʼfhág tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha, nó athair nó máthair, nó bean, nó clann, nó tailte mar gheall ar mʼainm, gheobhaidh sé níos mó faoi chéad agus an bheatha shíoraí mar oidhreacht.