Matthew 2:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh i bhfochair a mhátar Muire, agus do shléachtadar dó, agus d’adhradar é, agus ag foscailt a dtaisce dhóibh, thugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuaigh siad isteach sa teach go bhfaca an leanbh agus Muire a mháthair, agus thit siad síos roimhe á adhradh. Dʼoscail siad a gcistí ansin, gur thug siad bronntanais dó, ór agus túis agus miorr.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d' umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d' oscail siad a gcistí agus d' ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus dʼumhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus dʼoscail siad a gcistí agus dʼofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.