Matthew 2:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gur fhan ansin go bhfuair Iorua bás. Tharla sin leis an méid a labhair an Tiarna ó bhéal an fháidh a chomhlíonadh, “Ghlaoigh mé ar mo mhac a theacht aniar as an Éigipt.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: «As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus is ann a bhí sé go bhfuair Héaród bás: chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh: “As an Éigipt a ghlaoigh mé mo Mhac.”