Matthew 2:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, nuair do chonnaic Ioruath gur mheall na draoithe é, do bí sé le cúthach, agus do chuir sé amach scriosairí, agus do mharbh sé a raibh de chlannmhac dhá bhliadhain nó fá n‐a bhun i mBeithil agus san dúthaigh do bhain léi, de réir an ama d’innis na draoithe dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic Iorua an cleas a dʼimir na draoithe air, bhí sé ar buile, agus chuir sé fir uaidh agus mharaigh sé gach páiste fir a bhí i mBétlehem agus sa cheantar ina thimpeall agus a bhí faoi dhá bhliain dʼaois, de réir an ama a dʼfhionn sé ó na draoithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú a mharú, de réir thuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.