Matthew 2:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh óg agus a mháthair, agus imthigh go tír Israel; óir, na daoine do bhí ar tí an leinbh do mharbhadh, atáid‐sean tar éis báis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt sé leis, “Éirigh, agus beir leat an leanbh agus a mháthair, agus imigh go tír Iosrael, mar is marbh iad na daoine úd a bhí ag iarraidh an leanbh a chur chun báis.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus dúirt: «Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go tír Iosrael, óir, an dream a bhí ar thóir anam an linbh, tá siad marbh.”