Matthew 2:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chúaluidh sé Archeláus do bheith na rí a ttír Iúdaighe a nionad Iorúaith a athar, do bhí eagla air dul innte: achd cheana, ar bhfagháil teaguisg ó Dhía dhó a mbriongloid, do iompóidh sé go críochaibh na Galilé:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht, nuair do‐chuala sé go raibh Archelaus ’n‐a righ ar Iúdaea i n‐ionad a athar Ioruath, do bhí eagla air dul annsin; acht thug Dia rabhadh dhó i n‐aisling, agus do chuaidh sé go críochaibh na Galilé,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chuala sé go raibh Arceláus ina rí ar Iúdaea in áit a athar Iorua, níor lig an eagla dó dul ansin, ach ba é rud, fuair sé rabhadh i mbrionglóid a thug air dul i leataobh go críocha Ghalailí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuala sé, áfach, go raibh Archalás ina rí ar Iúdáia in áit Héaróid a athair, agus bhí eagla air dul ann, ach tar éis dó foilsiú a fháil i mbrionglóid, chuaigh sé go dtí ceantar na Gailíle