Matthew 2:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir sé go Beithil iad, agus adubhairt sé, Imthighidh, agus cuarduighidh go dícheallach an leanbh, agus nuair do‐gheobhaidh sibh tuairisc air, innisidh dhamh‐sa é, chum go dtéighead féin, agus go n‐adhrad é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus chuir uaidh go Bétlehem iad, agus dúirt leo, “Cuirigí tuairisc an linbh go dícheallach, agus nuair a gheobhas sibh é, cuirigí scéal chugamsa, go dtaga mé féin á adhradh freisin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: «Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí géar ar an leanbh. Nuair a bheidh sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachaidh mé féin ann ag déanamh ómóis dó.”