Matthew 2:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar n‐a chlos sin dóibh ó’n righ, d’imthigheadar; agus féach, an réalta do chonnacadar sa domhan thoir, do ghluais sí rómpa go dtáinig sí ’n‐a stad ós cionn na h‐áite ’n‐a raibh an leanbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼimigh siad leo i ndiaidh sin a chluinstin ón rí; agus bʼshiúd an réalta a chonaic siad sa Domhan Thoir ag imeacht rompu, gur sheas sí os cionn na háite a raibh an leanbh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala siad caint an rí, d' imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chuala siad caint an rí, dʼimigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.