Matthew 20:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé léi, Créad atá uait? Adubhairt sise leis, Tabhair órdú go suidhfidh mo bheirt mhac so, duine aca ar do láimh dheis, agus duine aca ar do láimh chlé id’ ríoghacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt sé léi, “Cad é atá uait?” Agus dúirt sise leis, “Ordaigh go suífidh mo dhís mhac, duine acu ar do láimh dheas agus duine ar do láimh chlé i do ríocht.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé léi: «Cad ab áil leat?» «Tá,» ar sise leis, «an bheirt mhac seo agamsa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agam-sa, go n-ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do Ríocht.”