Matthew 20:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dʼfhreagair Íosa, “Ní feasach daoibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libhse an cupán a ólfas mise a ól?” Ar siadsan, “Is féidir.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Íosa: «Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,» ar seisean. «An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?» Dúirt siad leis: «Féadaimid.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupán a ól atá le hól agam-sa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”