Matthew 20:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a deir seisean riu, Iobhtháoi go deimhin dom chupánsa, agus baisdfidhthear sibh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi: achd suighe ar mo láimh dheis, agus chlé, ní leamsa a thabhairt, achd bheirar don dreim dá bhfuil sé ar na ullmhughadh ó Mathair.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhairt seisean leo, Ólfaidh sibh go deimhin an cupán ólfad‐sa: acht suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim, acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha ag m’Athair.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt sé leo, “Is sibh a ólfas as mo chupán, ach suí ar mo dheas agus ar mo chlé níl sé i mo chumas a thabhairt uaim, ó tá sin i ndán don dream ar ullmhaigh mʼAthair dóibh é”.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé leo: «Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m' Athair.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agam-sa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag mʼAthair.”