Matthew 20:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Tá a fhios agaibh go gcuireann tighearnaí na nGeinte fá smacht iad, agus go mbíonn forlámhas ag a ndaoinibh móra ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: «Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.