Matthew 20:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ní mar sin bhéas eadraibh‐se: acht cibé duine go mba mhian leis bheith mór eadraibh, béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,