Matthew 20:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus, féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na slighe, an tráth do chúaladar go ráibh Iósa ag gabhail thársa, do éighmheadar, ag radh, Déana trócaire oruinu, a Thighearna, a Mhic Dhábhí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, beirt dall do bhí ’n‐a suidhe le cois an bhealaigh, nuair do‐chualadar gurbh é Íosa do bhí ag gabháil thart, do liúghadar, g‐á rádh, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócaire orainn.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼshiúd beirt dhall a bhí ina suí ar thaobh an bhóthair, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul tharstu, a ghlaoigh amach in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: «A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus bhí an bheirt dall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhac Dháiví!”