Matthew 20:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imthighsi mar an gcéadna don fhíneamhain; agus gidh bé ní bhus coir do gheúbhtháoi é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Adubhradar‐san leis, De chionn nár chuir aon duine ar aimsir sinn. Adubhairt seisean leo, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt siadsan leis, ‘As siocair nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo, ‘Gabhaigí sibhse isteach san fhíonghort freisin.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siad: 'Mar nár fhostaigh aon duine sinn.' Dúirt sé leo: 'Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘sibh-se freisin, isteach sa bhfíonghort libh.’