Matthew 21:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh Íosa isteach i dteampall Dé agus thiomáin sé amach as an teampall gach uile dhuine a bhíodh ag ceannach nó ag díol ann, agus chaith sé bun os cionn na boird a bhí ag lucht díolta na gcolm.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh Íosa isteach sa Teampall agus thiomáin sé amach iad seo uile a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall. Leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht na gcolmán a dhíol.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)