Matthew 21:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a chonaic na hardsagairt agus na scríobhaithe na hiontais a bhí á ndéanamh aige, agus na leanaí ag glaoch, “Hósanna do Mhac Dháibhí,” os ard sa teampall bhí fearg orthu;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus «Hósana do Mhac Dháiví!» mar gháir acu sa Teampall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe míchéadfach nuair a chonaic siad na nithe iontacha a rinne sé, agus na leanaí agus “Hósana do Mhac Dháiví!” mar gháir acu sa Teampall.