Matthew 21:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradar ris, An gluin tú créd a deirid an mhuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do chluinim; a né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanán cíche do chriochnuigh tú moládh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dʼfhiafraigh siad de, “An gcluineann tú cad é atá siad seo á rá?” Agus dúirt Íosa leo, “Cluinim; nár léigh sibh riamh, ‘Is as béal na naíonán agus na leanaí diúil a thug tú fíormholadh?’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siad leis: «An gcluineann tú cad tá á rá acu seo?» «Cinnte!» arsa Íosa leo, «nár léigh sibh riamh é seo: 'As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin'?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad leis: “An gcluineann tú cad tá dá rá acu seo?” “Cinnte!” arsa Íosa leo, “nár léigh sibh riamh é seo: ‘As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin’?”