Matthew 21:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhág sé iad, agus do chuaidh sé amach as an gcathair go Bétánia, agus do chuir sé faoi annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhág sé iad, agus shiúil sé amach as an gcathair go Bétáin gur fhan an oíche ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' éalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼéalaigh sé uathu, chuaigh amach as an gcathair go Béatáine agus thug sé an oíche ann.