Matthew 21:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?» Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: «Má deirimid: 'Ó neamh,' déarfaidh sé linn: 'Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’