Matthew 21:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd créd do cíthear dháoibhsi? Do bhádar días mac ag duine aírighe; agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt sé, A mhic, imthigh déana obair a niu am fhineamhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Cad é bhur mbarúil? Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige; agus chuaigh sé chuig an gcéad duine acu agus dúirt sé, ‘A mhic, siúil leat agus oibrigh san fhíonghort inniu.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. D' agaill sé duine acu ar dtús: 'A mhic,' ar seisean, 'téighse inniu ag obair san fhíonghort.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. Dʼagaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téigh-se inniu ag obair sa bhfíonghort.’