Matthew 21:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cía don dísse do rinne toil a athar? A deiridsean ris, An céadfhear. A deir Iósa ríusan, A deirimse ribh go fírrinneach, Go dtéid na publicáin agus na sdríopacha romhaibhsi go flaitheas Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cé acu den bheirt a chuir toil a athar i ngníomh?” “An chéad duine acu,” dʼfhreagair siad. Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, go rachaidh na bailitheoirí cánacha agus na striapacha isteach go ríocht Dé sula dté sibhse isteach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?» «An dara duine,» ar siad. Dúirt Íosa leo: «Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i Ríocht Dé.