Matthew 21:32 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír tháinic Eóin chugaibh a slighe na córa, agus niór chreideabhair dhó: achd do chreideadar na puiblicain agus na sdríopacha dhó: achd gé do chonncabhairsi so, ní dhearnabhair aithrighe na dhíaigh sin, do chum go gcreidfeadh sibh dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tháinig Eoin chugaibh slí na firéantachta, agus níor chreid sibh é, ach chreid na bailitheoirí cánacha agus na striapacha é; agus go fiú nuair a bhí sin feicthe agaibh, ní dhearna sibh aithreachas agus níor chreid sibh é ina dhiaidh sin féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibh-se é sin, níor bhuail an t-aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”