Matthew 21:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Eísdigh ré cosamhlachd eile: Do bhí fear tighe áirighthe ann, do chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor, agus tug sé do sgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Éistidh le samhlaoid eile: Do bhí fear tighe ann, agus do chuir sé fíonghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do thochail sé áit brúighte fíona ann, agus do thóg sé túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Éistigí le fáithscéal eile. Bhí ceann tí ann a phlandaigh fíonghort agus a chuir fál ina thimpeall, agus a thochail cantaoir fhíona, agus a thóg túr, agus a lig ar chíos do thionóntaí é, agus a thug tír eile air féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíonghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Éistigí le parabal eile: Bhí an fear tí seo ann a rinne fíon-ghort a phlandáil, fál a chur ina thimpeall, cantaoir a thochailt ann, agus túr a thógáil; chuir ar cíos ansin chun curadóirí é agus chuaigh ar an gcoigríoch.